Cad is Éire ag Léamh ann?

Ceiliúradh náisiúnta na léitheoireachta.

Le linn mhí Feabhra agus go háirithe ar Lá Éire ag Léamh, 24 Feabhra, táimid ag iarraidh ar dhaoine ar fud na hÉireann dul ar strae i leabhar maith. Is cuma cad a léann tú, cén áit a léann tú nó cé chomh maith is a léann tú, chomh fada is a léann tú.

Tá sé tábhachtach sos a thógáil agus rudaí a dhéanamh a mbaineann tú taitneamh astu agus déanann an léitheoireacht maitheas duit. Scaoileann sé le do chorp tríd do ráta croí a ísliú agus an teannas i do chuid matán a mhaolú. Thaispeáin staidéir go bhfeabhsaíonn an léitheoireacht do mheabhairshláinte trí strus a laghdú faoi suas le 68%.

Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é Éire ag Léamh chun aoibhneas na léitheoireachta a cheiliúradh. Tá sé maoinithe ag Healthy Ireland agus tacaithe ag leabharlanna poiblí, agus go leor eagraíochtaí a chuireann an léitheoireacht, an litearthacht agus na healaíona chun cinn.

Ní ort ach suigh síos agus leabhar a léamh, chomh fada nó chomh gearr agus is féidir leat, agus bí gafa in eachtra, scéinséir, scéal grá, scéal grinn nó gach rud thuas.

Coinnigh ort mar sin, téigh ar strae.

A stack of books

Ag Lorg Leabhar Le Dul Ar Strae Ann?

Time GA
65

Found 2613 Books

  1 of 2613    

Cur i gCéill

le Celia de Fréine

Má chaitheann tú 30 nóiméad sa lá ag léamh, tógfaidh sé thart ar lá ort an leabhar seo a léamh

Má chaitheann tú 1 hours and 10 minutes a day, you can read this book in approximately days

Faigh An Leabhar Seo sa leabharlann   Faigh an leabhar seo i siopa leabhar áitiúil

An raibh a fhios agat go bhfuil 330 brainse leabharlainne ar fud na hÉireann? Aimsigh do leabharlann áitiúil anseo

Imeachtaí

Faigh tuilleadh eolais ar an méid atá ag tarlú do Éire ag Léamh i do cheantar.

Ulaidh

Comhrá le Michael Harding agus Dani Gill

Bí i láthair i Leabharlanna an Chabháin le haghaidh imeacht leis na húdair Michael Harding agus Dani Gill.

  • Cá: Leabharlann Láir Johnston, Baile Chabháin
  • Cathain: Feabhra 24
  • Lucht Féachana: Daoine Fásta
  • Leabharlann: Leabharlanna an Chabháin
Faigh tuilleadh eolais

Litríocht agus Tírdhreach – Scríbhneoirí Dhún na nGall agus tionchar an tírdhreacha orthu.

Bí i bpáirt le leabharlanna Dhún na nGall do chainteanna le scríbhneoirí Conallacha maidir leis an tábhacht atá ag an tírdhreach ina gcuid scríbhneoireachta mar aon leis an tionchar a bhíonn aige ar a saothar. Is deis den scoth é seo Dún na nGall a chur os comhair an tsaoil mar áit faoi leith, áit a spreag scríbhneoirí san am a caitheadh ó Na Ceithre Máistrí agus a n-annála anuas go dtí údair a bhfuil an duais Booker bronnta orthu.

  • Cá: Leabharlann Bhun Cranncha
  • Cathain: Feabhra 24
  • Lucht Féachana: Daoine Fásta
  • Leabharlann: Leabharlanna Dhún na nGall
Faigh tuilleadh eolais

Laighin

Éire ag Léamh: Buail le Molly agus Bram!

Bí i gcomhluadar an údair agus maisitheora, Alan Nolan, nuair a labhraíonn sé faoi na leabhair stairiúla atá scríofa aige do leanaí, Molly Malone and Bram Stoker in The Sackville Street Caper agus Double Trouble at the Dead Zoo. Foghlaim faoi Mholly agus Bram mar a bhí siad nuair a bhí siad beo, agus faoin gcaoi carachtar a tharraingt ó leabhar Molly and Bram, The Curious Case of the Irish Yeti, a bheidh réidh in am do Lá Domhanda na Leabhar!

  • Cá: Leabharlann Bhaile Bhlainséir
  • Cathain: Feabhra 24 ag 11am
  • Lucht Féachana: Leanaí 7+
  • Leabharlann: Leabharlanna Fhine Gall
Faigh tuilleadh eolais

Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath agus Scil an Chomhrá

Agus í ag féachaint siar ar a saol, dúirt an scríbhneoir, Lady Gregory, gur saibhre a cuid scríbhneoireachta i ngeall ar na comhráití a bhí aici lena cairde, agus gur mhúin na comhráití sin di “swiftness in putting thought into a word, a sentence”; agus tá sé sin amhlaidh i gcás go leor scríbhneoirí. Is iomaí saothar mór litríochta de chuid Bhaile Átha Cliath a fuinneadh as comhráití nó gur cruthaíodh abairtí astu ina dhiaidh sin ar phár. Foinse inspioráide ar leith ab ea an chaint do lear mór scribhneoirí, rud a d’fhág go mbíodh salóin liteartha á n-eagrú acu agus cuireadh a thabhairt dá chéile chuig tithe a chéile oicheanta faoi leith den tseachtain chun an litríocht agus cúrsaí an tsaoil a phlé. Tabharfaidh an chaint seo spléachadh ar chuid de na salóin liteartha sin i mBaile Átha Cliath, na scríbhneoirí a bhíodh ag tarraingt orthu agus an chaoi ar saothraíodh comhráití iontu.

  • Cá: Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, 139-144 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2
  • Cathain: Dé Céadaoin, Feabhra 21
  • Lucht Féachana: Daoine Fásta
  • Leabharlann: Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath
Faigh tuilleadh eolais

Gerry Daly: ceardlann údair / maisitheora

Bí i láthair i Leabharlanna Chill Chainnigh le haghaidh imeacht leis an údar agus maisitheoir Gerry Daly

  • Cá: Leabharlann an Locha Bhuí, Cathair Chill Chainnigh
  • Cathain: Feabhra 23 ag 11am
  • Lucht Féachana: Leanaí
  • Leabharlann: Leabharlanna Chill Chainnigh
Faigh tuilleadh eolais

Seisiún Léitheoireachta d’ Éire ag Léamh

Tiocfaidh ranganna sóisearacha ó Bhunscoil San Áine agus ó Educate Together, an Uaimh ar cuairt chun tús eolais a fháil faoi Leabharlann na hUaimhe. Beidh am acu brabhsáil, reáchtálfar seisiún Scéalaíochta agus beidh mórsheisiún breacaireachta leis an údar / maisitheoir Tatyana Feeney.

  • Cá: Leabharlann na hUaimhe
  • Cathain: Feabhra 22
  • Lucht Féachana: Leanaí
  • Leabharlann: Leabharlanna na Mí
Faigh tuilleadh eolais

Ceardlann Déanta Puipéad Méir ag úsáid Scéalta Béaloidis & Síscéalta mar théamaí

Déan do phuipéad méir féin bunaithe ar scéalta ón mbéaloideas agus ar shíscéalta, agus bain spraoi as na scéalta sin a chur i ngníomh. Cothaítear scileanna ar leith trí phuipéid méir a úsáid i scéalaíocht, ina measc an léitheoireacht, forbairt foclóra, gramadach agus eolas ginearálta.

  • Cá: Leabharlann Bhaile Chill Mhantain
  • Cathain: Feabhra 24 ag 2pm
  • Lucht Féachana: Leanaí 5+
  • Leabharlann: Leabharlanna Chill Mhantáin
Faigh tuilleadh eolais

Cur i láthair le Niall de Búrca

Beidh seisiún speisialta scéalaíochta, faoi choimirce Éire ag Léamh, ar bun maidin an 24 Feabhra i Leabharlann Mheathas Troim leis an scéalaí traidisiúnta as iarthar na hÉireann, Niall de Búrca. Is ócáid atá feiliúnach don teaghlach é seo. Tá tóir ar Niall i measc gach aoisghrúpa agus tá ceird na scéalaíochta roinnte aige ar ardáin idirnáisiúnta ar fud an domhain i dtíortha amhail an Choiré, an Laitvia agus an Afraic Theas. “His ability to evoke a wide range of emotions from his rapt audiences enables him to bewitch people with his stories and make listening to him as well as watching him an unforgettable experience“ The Vienna Review

  • Cá: Leabharlann Mheathas Troim
  • Cathain: Feabhra 24
  • Lucht Féachana: Daoine Fásta agus teaghlaigh
  • Leabharlann: Leabharlanna Longfoirt
Faigh tuilleadh eolais

Cur i láthair le Niall de Búrca

Beidh an sárscéalaí agus fíodóir focal, Niall de Búrca, i láthair i Leabharlann an Mhuilinn Chearr ag 10.30am le haghaidh Éire ag Léamh. Laighin

  • Cá: Leabharlann an Mhuilinn Chearr
  • Cathain: Feabhra 24
  • Lucht Féachana: Daoine Fásta agus teaghlaigh
  • Leabharlann: Leabharlanna na hIarmhí
Faigh tuilleadh eolais

Ceardlanna Greannán

An bhfuil tóir agat ar ghreannáin agus an bhfuil tú idir 8 agus 12 bliain d’aois? Bí linn chun Lá Léitheoireachta na hÉireann a cheiliúradh, Dé Sathairn, 24 Feabhra i Leabharlann Cheatharlaigh. Ar theastaigh uait riamh go mbeadh dearadh de do chuid féin ar chlúdach greannáin? Seo do sheans toisc go mbeidh an t-ealaíontóir Declan Pierce i láthair chun míniú a thabhairt ar an gcaoi íomhánna agus litreoireacht a úsáid chun clúdach a chruthú do ghreannán. Ná caill an deis seo má tá tóir agat ar ghreannáin. Tá Declan oilte sa bheochan chlasaiceach agus treoróidh sé ealaíontóirí greannán óga tríd an bpróiseas atá i gceist le greannán a léiriú sa cheardlann uathúil seo. Is gá áit a chur in áirithe. Seol ríomhphost chuig library@carlowcoco.ie

  • Cá: Leabharlann Cheatharlaigh
  • Cathain: Feabhra 24 10am agus 11.15am
  • Lucht Féachana: Leanaí 8-12
  • Leabharlann: Leabharlanna Cheatharlaigh
Faigh tuilleadh eolais

Ceardlann Manga le John Carpenter

Glac páirt i gceardlann Manga atá á reáchtáil ag Leabharlanna Lú. Is gá áit a chur in áirithe, cuir glaoch ar 042-9353190 chun d’áit a chinntiú.

  • Cá: Leabharlann Dhún Dealgan
  • Cathain: Feabhra 24 ag 2.30pm
  • Lucht Féachana: Leanaí 10-14
  • Leabharlann: Leabharlanna Lú
Faigh tuilleadh eolais

Bookstagram

Bí linn nuair a bheidh na tionchairí ar na meáin shóisialta @nursefancypants agus @tiredmammybookclub ag plé an tionchar a bhíonn ag na meáin shóisialta, clubanna leabhar ar líne agus an éifeacht atá ag pobal léitheoireachta/léirmheastóireachta de chuid phobal Instagram ar nósanna léitheoireachta. Pléifidh Chloe agus Sinéad an fás atá tagtha ar an léitheoireacht ó thosaigh an phaindéim agus na bealaí ar féidir le leabharlanna cuidiú le léitheoirí agus le clubanna leabhar.

  • Cá: Leabharlann Leamhcán
  • Cathain: Feabhra 22 ag 7pm
  • Lucht Féachana: Daoine Fásta
  • Leabharlann: Leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas
Faigh tuilleadh eolais

Téigh Amú i Leabhar Maith

Tá sraith imeachtaí iontacha pleanáilte ag LexIcon Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin do leanaí, teaghlaigh agus do dhaoine fásta. Ina measc siúd tá ióga i rith scéalaíochta, tóraíocht taisce, imeachtaí ceirde chomh maith le cainteanna le húdáir shuimiúla. Bí i láthair ag ceann de na himeachtaí sin nó díreach buail isteach chun eolas a fháil ar a bhfuil le tairiscint ag dlr LexIcon. Beidh ár bhfoireann in ann cabhrú leat le gach ceist atá agat, bíodh sí i ndáil le leabhar nó ná bíodh!

  • Cá: LexIcon
  • Cathain: Feabhra 24
  • Lucht Féachana: Gach aois
  • Leabharlann: Leabharlanna Dhún Laoghaire Ráth an Dúin
Faigh tuilleadh eolais

Connachta

An Amharclann is Ísle agus is Airde ag do Leabharlann

Beidh roinnt spraoi amharclainne ar siúl don teaghlach ar fad i Leabharlannna na Gaillimhe mar chuid d’Éire ag Léamh

  • Cá: Leabharlann Óráin Mhóir agus Leabharlann Bhaile Locha Riach
  • Cathain: Feabhra 24 ag 11am (Órán Mór) agus 2.30pm (Baile Locha Riach)
  • Lucht Féachana: Teaghlaigh
  • Leabharlann: Leabharlanna na Gaillimhe
Faigh tuilleadh eolais

Cuairt leis an údar Mary Murphy

Is údar agus maisitheoir Mary Murphy agus an speisialtacht atá aici íomhánna daite láidre simplí a tharraingt do leanaí níos óige.

  • Cá: Leabharlann Láir Shligigh, Leabharlann Pobail Bhaile an Móta agus Leabharlann Pobail Thobar an Choire
  • Cathain: Feabhra 24
  • Lucht Féachana: Leanaí
  • Leabharlann: Leabharlanna Shligigh
Faigh tuilleadh eolais

Mumhain

The Four Faced Liar ar taispeáint (Eagrán a 2)

Bí i láthair i Leabharlanna Chathair Chorcaí nuair a léifidh roinnt de scríbhneoirí The Four Faced Liar as Eagrán a 2 den iris sin. Foilsítear The Four Faced Liar i gCorcaigh agus féachann sé le hardán a thabhairt do na caighdeáin is airde ealaíne, idir fhicsean, fhilíocht, neamhfhiscean cruthaitheach, fhlaisbheochan, ealaíon agus ghrianghrafadóireacht. D’éirigh thar cionn le hEagrán 1 ina raibh píosa scríbhneoireachta le Jan Carson agus agallamh le Danny Denton, agus díoladh trí rith cló ar fad. Beidh obair raon scríbhneoirí agus ealaíontóirí, idir nua agus seanbhunaithe, in Eagrán a 2, agus ina measc beidh agallamh leis an sárfhile Victoria Kennefick, agus ealaíon clúdaigh le Deirdre Frost.

  • Cá: Leabharlann na Cathrach, Cathair Chorcaí
  • Cathain: Feabhra 24 ag 2.30pm
  • Lucht Féachana: Daoine Fásta
  • Leabharlann: Leabharlanna Chathair Chorcaí
Faigh tuilleadh eolais

Ceardlann Phéintéireachta Bunaithe ar an Litearthacht

Bí i láthair i Leabharlanna Phort Láirge nuair a bheidh an t-ealaíontóir Kiki atá lonnaithe i bPort Láirge i mbun ceardlann phéintéireachta bunaithe ar an litearthacht do leanaí idir 8-10 mbliain ag 11am ar Lá Léitheoireachta na hÉireann 2024. Ní mór áit a chur in áirithe roimh ré, cuir glaoch ar 051 849755 nó seol ríomhphost chuig ardkeenlibrary@waterfordcouncil.ie. Tá tuilleadh sonraí faoi Kiki anseo https://kikiroosli.com/pages/my-story

  • Cá: Leabharlann Ard Caoin
  • Cathain: Feabhra 24 ag 11am
  • Lucht Féachana: Leanaí 8-10
  • Leabharlann: Leabharlanna Phort Láirge
Faigh tuilleadh eolais

Micreafón Oscailte do Léitheoirí Óga

Ba mhaith le leabharlann Dhroichead na Bandan, mar chuid d’Éire ag Léamh 2024, go roinnfeadh léitheoirí óga an dúil atá acu sa léitheoireacht. Tugtar cuireadh dóibh tabhairt faoin ardán, breith ar an micreafóin agus píosa a léamh as an leabhar is ansa leo. Tá súil againn go gcuideoidh sé seo le rannpháirtithe eile leabhair a mbainfidh siad taitneamh astu a aimsiú. Gheobhaidh gach páiste a ghlacann páirt san ócáid teastas chun comóradh a dhéanamh ar an gcúnamh a thug siad dúinn Éire ag Léamh 2024 a cheiliúradh.

  • Cá: Leabharlann na Bandan
  • Cathain: Feabhra 24 ag 2pm
  • Lucht Féachana: Leanaí faoi bhun 12 bliain
  • Leabharlann: Leabharlanna Chontae Chorcaí
Faigh tuilleadh eolais

Ár gComhpháirtithe agus ár n-Ambasadóirí

A bhuí lenár gcomhpháirtithe agus ár n-ambasadóirí iontacha atá ag cabhrú le hÉirinn a chur ag léamh do Ireland Reads!

A boy eats breakfast at a table with his father
Patricia Forde
Emma Donoghue
Paul Lynch
Liz Nugent
Rick O'Shea
Melatu-Uche Okorie
Dave Rudden
Colm Toibin
Sarah Webb
The Arts Council logo
The Borrow Box logo
The Children's Books Ireland logo
The Government of Ireland logo
NALA logo
The RTÉ Supporting the Arts logo
National Library of Ireland logo
Laureate for Irish Fiction logo
Adult Literacy Ireland logo
Age Friendly Ireland logo

Rick O’Shea

Craoltóir agus Láithreoir The Book Show ar RTÉ

Rick O'Shea

Le blianta beaga anuas, níos mó ná blianta eile, sin iad na blianta is mó a theastaíonn uainn bheith ag léamh inár saol.

Ba bhealach iontach é i gcónaí domsa le héalú, le mo mheabhairshláinte a choinneáil socair, le heolas agus forbairtí nua a fhoghlaim a athraíonn mo dhearcadh ar an domhan, le titim i ngrá le carachtair iontacha, le bualadh le seanchairde agus eachtraí nua a bheith againn, taithí a fháil ar an saol atá caite agus fiú an saol amach anseo nach mbeadh agam murach sin, agus fiú taisteal nuair nach raibh mé ábalta!

Tá lúcháir mhór orm go bhfuil an tionscnamh Ireland Reads ar siúl agus tá súil agam go gcuirfidh sé tús leis an léitheoireacht ó cheann ceann na bliana duit!

Paul Lynch

Údar

Paul Lynch

Tá sé ag éirí níos deacra agus níos deacra am a fháil don léitheoireacht ar na saolta seo. An fón cliste sin i do phóca agat, bíonn sé de shíor ag iarraidh d’aird a tharraingt air. Is ar éigean a bhíonn nóiméad de shuaimhneas intinne agat dá dheasca. Is ríghearrr an t-achar airde atá againn anois, sinn chomh tugtha tnáite ag saol a bhfuil siúl géar faoi nach bhfuilimid in ann socrú síos d’aon rud. An chuma air nach bhfuil a fhios againn conas an saol a ghlacadh go réidh a thuilleadh. Cén leigheas atá air seo?

Is féidir linn leabhair a léamh lenár gcumas aird a thabhairt ar rud a neartú. Faigh cathaoir chompordach duit féin agus cas as d’fhón. É níos fearr fós má chuireann tú i gcófra nó i dtaisceadán é. An bhfuil tú in ann léamh ar feadh 20 nóiméad gan ligean don chathú é a chur ar siúl arís? Treise leat! Anois, déan iarracht é sin a dhéanamh ar feadh leathuair a chloig agus arís eile más féidir. Ná géill don fhonn d’intinn a ligean ar seachrán agus cuimhnigh gur cleachtadh a dhéanann máistreacht. Cuimhnigh, leis, nach bhfuil an fón cliste leath chomh cliste agus a chreidtear i ndeireadh na dála. Seans go rithfeadh sé leat cén mhaitheas atá ann i ndáiríre?

Tá na meáin shóisialta mar a bheadh scáthán ann agus d’íomhá féin a chur os comhair do shúile an t-am ar fad. Mar mhalairt air sin, nuair a léimid, bíonn ár n-aird ar aithne a chur ar shaol inmheánach daoine eile. Faighimid éachtaint ar shaol eile, réanna eile, agus blaisimid mothúcháin nach mbeadh taithí riamh againn orthu murach leabhair den scoth. Is féidir le scríbhneoirí tú a scuabadh chun siúil ar aistear ina mbíonn ríméad an tsaoil (agus briseadh croí) ort, aistir a athraíonn ár ndearcadh ar an saol go minic. Samhlaigh, leis, an cogar sin i do chluas, guth an scríbhneora, mar chuireadh chun éirí suaimhneach, le suí tamaillín leis na mothúcháin i do chroí istigh, an áit as a dtagann na smaointe is fearr saor in aisce. Is ar an gcaoi sin a chuireann tú eolas ar an eagna inmheánach. I ruaille buaille shaol an lae inniu, tá gá againn le suaimhneas a ghlacadh ó am go ham agus cluas le héisteacht a chur orainn féin. Bíodh an léitheoireacht mar réalta eolais agat.

Agus an Booker Prize buaite aige, is údar é Paul Lynch a scríobh Prophet Song.

Liz Nugent

Údar

Liz Nugent

Ba é dúil sna leabhair agus sa léitheoireacht an bronntanas ba mhó a thug m’athair dom riamh. Tá scéalta ar fáil agus saor in aisce (leabharlanna!) do chách.

Thaistil mé ar fud an domhain, agus go saolta eile trí na leabhair. Réitigh mé coireanna uafásacha agus rinne mé coireanna uafásacha. D'fhoghlaim mé faoi phearsana stairiúla mór le rá agus faoi phearsanra aduaine nach raibh mórán eolais fúthu. D'fhoghlaim mé conas cócaráil agus, dá mba mhian liom, d'fhéadfainn aerárthach éadrom a chur le chéile nó tiúba a sheinm. Tá mo stór focal méadaithe agam agus bím ag súil le dul a luí agus bhí mé ag gáire nó ag caoineadh go dtí gur thit mé i mo chodladh, ag brath ar na leathanaigh ar mo philiúir.

Is iad leabhair mo shólás agus mo bhealach le héalú agus theastaigh ceann amháin nó ceann eile uainn go léir ag go leor céimeanna dár saol.

Dave Rudden

Údar

Dave Rudden

Is mór an pléisiúr dom bheith i m’ambasadóir don fheachtas ‘Ireland Reads’ 2022.

Mar iar-mhúinteoir atá ina údar anois, tá taithí phearsanta agam ar chumhacht nascachta na léitheoireachta ag aois ar bith. Is rud amháin é an draíocht a bhaineann le tú féin a iompar go saolta eile agus go hamanna eile, ach an rud atá i bhfad níos tábhachtaí domsa ná an teileapórtáil an-sonrach a bhaineann le dul isteach in intinn daoine eile.

Is léitheoireacht mhaith í aon léitheoireacht, mar go gcuireann léitheoireacht i gcuimhne dúinn go bhfuil ár bplotaí féin – ár gcathanna féin, ár mbuanna féin, ár gcaillteanas féin againn go léir. Sílim nach bhfuil ceacht ar bith níos tábhachtaí ná sin.

Sarah Webb

Údar

Sarah Webb

Thar aon ní eile, is léitheoir mé.

Tá an-suim ar fad agam i leabhair agus sa léitheoireacht. D'fhéadfainn maireachtáil gan a lán rudaí, ach ní gan leabhair. Tugann siad eolas dom, cuireann siad siamsaíocht ar fáil dom, cabhraíonn siad liom dul isteach i mbróga daoine eile, cuireann siad ag smaoineamh mé. Tá siad ann nuair a bhím ag mothú go maith, nuair a bhím tinn, nuair a bhíonn scíth agam, nuair a bhím tuirse. 

Is iad mo chairde dílse, mo chompánaigh dhílse. Idir seanchairde ar nós Summer Sisters le Judy Blume (leabhar iontach tumthach do laethanta saoire an tsamhraidh) nó Big Magic le Elizabeth Gilbert (ceann de na leabhair is fearr faoi chruthaitheacht), agus úrscéalta snasta nua do pháistí, is breá liom iad go léir!

Patricia Forde

Laureate na nÓg

Patricia Forde

Ó mhúin mo mháthair dom léamh ag ceithre bliana d’aois, is beag lá nach raibh leabhar i mo lámh agam. Tá an spás agus an domhan faoi thoinn feicthe agam. Tá coireanna uafásacha feicthe agam, agus rúndiamhra achrannacha réitithe agam, agus mé i mo shuí ar mo tholg sa mbaile! Thar rud ar bith eile, mar mhúinteoir, mar thuismitheoir agus mar scríbhneoir, tá an difríocht a dhéanann léitheoireacht i saol an duine óig feicthe agam. Tá an-áthas orm tacú leis an bhfeachtas tábhachtach seo, Ireland Reads.

Colm Tóibín

Údar agus Laureate le haghaidh Ficsean Éireannach

Colm Tóibín

Léimid linn féin agus léimid faoi chiúnas, ach mar gheall ar an tuiscint go mbaineann daoine eile sult as leabhair agus go bpléitear go forleathan iad, fágtar gur rud comhchoiteann í an léitheoireacht agus go bhfuil sí ina cuid shaibhir de chultúr comhroinnte. Freagraíonn an feachtas Ireland Reads don spreagadh a bhraitheann léitheoirí go gcaithfidh siad labhairt faoi na leabhair is breá leo agus an t-eispéireas a thabhairt do dhaoine eile.  B’am maith é an phaindéim do léitheoirí; níor iarr duine ar bith orainn scaradh go sóisialta ó leabhar. Ach b’am é freisin ina bhféadfadh léitheoirí mothú leo féin, agus gur theastaigh daoine eile uathu chun litríocht a phlé, chun eispéireas na léitheoireachta a dhéanamh níos doimhne agus níos uigeachtaí. Fágann sin go bhfuil an feachtas Ireland Reads níos riachtanaí fós.

Marian Keyes

Údar

Marian Keyes

Páiste imníoch, uaigneach a bhí ionam, ach nuair a léigh mé mo chéad leabhar le Enid Blyton (‘The Twins at St Claire’s’) chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm. Go tobann, bhí tairseach agam chuig saol eile – chuig saol gan teorainn. Bhí mé ábalta éalú ón míchompord a bhí orm bheith i mo shuaimhneas trí mo féin a thumadh i saol daoine eile.

Ó shin i leith, is mór an cuidiú an léitheoireacht dom. Is cuma cad a bhí ag tarlú dom, thug leabhair sólás dom, thug siad cairdeas dom, bhain siad gáire asam, chuir siad ag smaoineamh mé, thug siad spás dom chun m’anáil a fháil agus choinnigh siad amach ón domhan mór mé.

Is é an cumas léimh mo shárchumhacht

Melatu-Uche Okorie

Údar

Melatu-Uche Okorie

Is breá liom a bheith ag léamh mar tugann sé laochra dom. Téim go háiteanna éagsúla i m'intinn freisin, titim i ngrá, bím brónach, bím feargach, bím ag gáire faoi shaintréithiúlacht daoine eile, é sin ar fad i gceann cúpla nóiméad.

Acmhainní Duit

An bhfuil tú ag iarraidh aoibhneas na léitheoireachta a scaipeadh agus daoine eile a spreagadh le dul ar strae i leabhar? Seo roinnt póstaer álainn, bileog dathúcháin, físeán agus acmhainní eile chun cabhrú leat Éire ag Léamh nó d’imeachtaí áitiúla a chur chun cinn. Faigh acmhainní

Faigh acmhainní

Accessibility Toolbar